An mhí seo caite, fuair mé an seans dul ar aistear liom féin ó thuaidh. Chonaic mé an bóthar go dtí an Loch Crater mórán uaireanta roimhe seo, ach ní raibh éinne ag iarraidh dul go dtí ansin. Ní raibh tada le déanamh agam ach dul liom féin.
Agus fosta, rinne mé an cinneadh seo i ndaidh trí mhí de phian i mo dhroim. Nuair a thug mé faoi deara go raibh mé ag mothú go maith arís, shíl mé: "go big or go home."
Lódáil mé mo charr suas le trealamh campála fiáin agus mo rothar. Ní raibh aon phlean agam ach bhí mé réidh d'aon rud.
Nuair a tháinig mé ag an loch, bhí na campaí lán le turasóirí — agus lán le muiscítí chomh maith. Thug an maor rogha dom: d'fhéadfainn fanacht ar chealúchán, nó d'fhéadfainn siúl cúpla míle go dtí an campa do shiúlóirí an PCT, agus mo charr a fhágáil.
Bhuel, roghnaigh mé "Option B." Agus bhuail mé le go leor siúlóirí sa deireadh — siúlóirí ag an Pacific Crest Trail. Bhuail mé le bean 63 bliain d'aois a bhí ina healaíontóir iontach as Chicago, agus beirt siúlóirí as Melbourne san Astráil. Thaitin a gcuid fuinnimh go mór liom.
Agus an loch féin: sin an t-amharc dochreidte. Ní thig leat é a bhreathnú i radharc amháin. Chaith mé go leor ama leis an loch agus mé ag léamh leabhar. Bhí mé ag léamh leabhar scéalta fá dtaobh de oracle Delphi. Bhí an aimsir grianmhar agus te, gan mórán scamall sa spéir.
Aon lá, chuaigh mé suas an barr agus mé ag éisteacht leis an bpodchraoladh Barrscéalta. Bhí siad ag caint faoi "aimsir fliuch" agus "water water everywhere" (i mBéarla, for effect). Mar sin, shocraigh mé cárta poist a scríobh do Mhícheál Ní Ghríanna sa Doire Beag, Litir Cannon. Sheol mé é ón oifig phoist i lárionad cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Crater Lake.
I ndaidh sin, shocraigh mé an teas agus na muiscítí a fhágáil. Bhí fonn orm dul isteach sa cheo féin, agus bhí a fhios agam cén áit a mbeadh sé: an cósta Oregon, lán d'áiteanna úra dom.
An Cósta
Áit a raibh Loch Crater tirim, oscailte, agus lán le féileacáin, bhí an cósta fliuch, lán coillte agus lán raithneach.
Chaith mé lá amháin ag rith cosán i dtreo an Natural Bridges.
Agus nuair a bhí mé sásta leis, thiomáin mé ó dheas síos an Route 1, an bóthar cáiliúil, go dtí Crescent City. Ní raibh aon phlean agam fós — "vibes" amháin. Shocraigh mé fanacht san óstán beag in aice leis an dealbh mhór de Paul Bunyan.
Ar maidin dar gcionn, d'éirigh mé ag éisteacht leis an ghuth mór thall ón mbóthar, a dúirt: "The restrooms are behind the gift shop."
Conair Ossagon
An lá sin, bhí mé ag iarraidh rud éigin mór a dhéanamh ar mo rothar.
D'iarr mé ar choimeádaí páirce i Redwood National Park, agus mhol siad Conair Ossagon: lúb 18 míle fríd chrainn dearga, machairí, trá, agus níos mó crainn dearga. Bhí cuma iontach air. Ach an chéad chuid den chonair sin, chuaigh sé díreach síos — gan sos ar bith.
"Ossagon abú!" a shíl mé, ag a trí a chlog tráthnóna.
Is trí a chlog tráthnóna i gcoillte dearga, fiú amháin i mí Iúil, níos mó cosúil le seacht a chlog in aon áit eile.
"Fadhb ar bith," arsa mise. "Beidh sé ceart go leor."
Narrator: "Ní raibh sé ceart go leor." (Ach, bhí sé iontach ar scor ar bith!)
Ar dtús, bhí sé fíor-spraíúil. Ach nuair a shroich mé an trá, go tobann thuig mé nach mbeadh boinn mo rothair ag rolladh ar an gcósta. Bhí orm bealach eile a lorg.
An bealach eile a fuair mé bhí fríd an mhachaire, agus bhí sé lán le cac eilc agus ní raibh an féar cairdiúil do mo rothar. Chaith mé dhá uair an chloig ag rith ar an trá i dtreo an chéad chuid eile, cosán gairbhéil.
Bhí mórán ama a raibh mé ag cur ceist i m'intinn: "An dtig liom é a dhéanamh in aon chor?" Ach ní raibh mé in ann casadh ar ais ar scor ar bith: bhí an cosán coille ró-ard, ró-dheacair do mo rothar. (Ní rothar sléibhe é — tá sé ach hybrid.)
An Machaire & na hEilc
Leanann an t-eilc cac an eilc, ar ndóigh.
Ag deireadh an mhachaire, stró i ndiaidh stró leis an bhféar — tá tuairimí agam fá dtaobh den fhéar anois — nuair a shroich mé an sruthán beag a bhuail leis an trá, bhuail mé le balla beo d'eilc.
Dúirt mé paidir agus thóg mé mo rothar agus chéim mé isteach sa tsruthán chomh ciúin le luch.